Buntáiste breise na Gaelscolaíochta - taighde nua

TUARASCÁL: TUGANN GAELSCOLAÍOCHT buntáiste breise oideachais do dhalta agus tá cruthúnas na téise sin le fáil i dtaighde nua…

TUARASCÁL:TUGANN GAELSCOLAÍOCHT buntáiste breise oideachais do dhalta agus tá cruthúnas na téise sin le fáil i dtaighde nua a rinne an Dochtúir Réamaí Mathers, feidhmeannach le hIontaobhas na Gaelscolaíochta i mBéal Feirste, a scríobhann PÓL Ó MUIRÍ,Eagarthóir Gaeilge

Dúirt Mathers gur léirigh staitisticí ó Roinn an Oideachais, Tuaisceart Éireann, go raibh leibhéal cumais Béarla agus Mata na bpáistí i scoileanna lán-Ghaeilge ní b'fhearr ná scoileanna Béarla an Tuaiscirt.

Dúirt sé gur scrúdaigh sé torthaí Roinn an Oideachais le trí bliana anuas do pháistí bunscoile eochairchéim a dó (páistí idir ocht mbliana agus bliain déag d'aois) agus go raibh na Gaelscoileanna chun cinn ó thaobh an Bhéarla agus Mhata de le linn na tréimhse sin.

Thug an taighde sa Tuaisceart le fios go raibh ag éirí le páistí sa chóras Gaelscolaíochta bíodh is gur as cúlra íseal eacnamaíochta mórán acu. "Eolas tábhachtach," a bhí ann, a dúirt sé, nó bhí cuid de lucht cánta na Gaelscolaíochta sa Deisceart den tuairim gur éirigh chomh maith sin leis na scoileanna siocair gur bhain na daltaí leis an mheánaicme.

READ MORE

Lena chois sin, léirigh an taighde ní amháin go raibh Gaeilge ag na páistí ach go raibh siad ábalta Béarla agus Mata a thabhairt leo fosta.

Mheas sé nár cheist a thuilleadh í an raibh maith sa Ghaelscolaíocht ach an raibh páistí nach raibh ag fáil oideachais trí mheán na Gaeilge faoi mhíbhuntáiste.

Dúirt sé, ámh, go raibh sé "tábhachtach na comparáidí cearta a dhéanamh agus chuige sin chuir muid na Gaelscoileanna uilig, a raibh céatadán ard de pháistí i dteideal béilí saoire, comhartha ar chúlra sóisialta na bpáistí, i gcomparáid le scoileanna sa chatagóir céanna.

"Nuair a rinne muid sin bhí na Gaelscoileanna chun cinn níos mó fós. Bhí sé suntasach tabhairt faoi deara go raibh na scoileanna lán-Ghaeilge chun cinn sna torthaí seo sa dá leibhéal is mó, is é sin leibhéal a ceithre agus a cúig."

Bhí sé den bharúil gur thaispeáin an dá mharc sin dhá rud shonracha: bhí níos mó páistí sa chóras Gaelscolaíochta ag baint leibhéal sásúil amach agus bhí níos mó acu ag baint na dtorthaí is airde amach.

Bhí Gaelscoileanna ag feidhmiú "go fíormhaith agus ar an leibhéal céanna is a bheimis ag dúil leis nuair a chuirtear sinne i gcomparáid le torthaí thaighde idirnáisiúnta".

Léirigh an chomparáid idir torthaí an dá ábhar sa dá chóras oideachais go raibh lucht na Gaeilge ag déanamh níos fearr ná daltaí na scoileanna eile, rud a thaispeáin go raibh "sáréifeacht" leis an luath-thumoideachas: "Tá an éifeacht seo le feiceáil chan amháin maidir le teangacha dúchasacha a chaomhnú agus a fhorbairt ach maidir le buntáistí móra oideachasúla agus pearsanta a sholáthar. Go dtí seo tá obair mhór déanta ag pobail ar fud na tíre seo an Ghaelscolaíocht a chur chun cinn agus is minic nach mbíonn tacaíocht cheart tugtha do na grúpaí seo."

'Dóchasach'

BEIDH CRUINNIÚ eile ag Foras na Gaeilge agus lucht Foinseinniu, féacháil teacht ar réiteach faoi chúrsaí maoinithe an nuachtáin sheachtainiúil.

Dúirt urlabhraí thar ceann an Fhorais go raibh siad "dóchasach" gurbh fhéidir leo teacht ar réiteach.

Bhí sé riachtanach go mbeadh "nuachtán uile-oileánda, seachtainiúil ann agus rinneadh an polasaí sin a athdheimhniú ag an gcruinniú".

Thuig siad go raibh deacrachtaí ag foilsitheoirí an nuachtáin, Móinéar Teo.

Dúirt príomhfheidhmeannach Mhóinéar Teo, Seán Clancy, go raibh siad féin "dóchasach" go bhféadfadh siad teacht ar réiteach sa mhéid is gur aithin an Foras go raibh gá le páipéar Gaeilge.

Tá sé beartaithe ag Móinéar Teo éirí as foilsiú an pháipéir i ndiaidh an deireadh seachtaine seo mura dtagann siad féin agus an Foras ar réiteach faoi chúrsaí airgid.

Áis úr

IS IONTACH na háiseanna teicneolaíochta atá ann anois do scoláirí Gaeilge, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

Tráthnóna inniu ag 4pm in Acadamh Ríoga na hÉireann, Baile Átha Cliath, seolfaidh Aire na Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, ceann nua, bunachair bhibleagrafaíochta Fhoclóir na Nua-Ghaeilge.

Beidh na bunachair le feiceáil ar líne, ag www.fng.ie. Tionscnamh fadtréimhseach de chuid an Acadaimh é Foclóir na Nua-Ghaeilge.

Is é is cuspóir dó foclóir stairiúil a chruthú don Nua-Ghaeilge don tréimhse 1600-2000.

Tiomsaíodh an dá bhunachar a sheolfar de theidil a cuireadh san áireamh ar an CD-Rom "Corpas na Gaeilge 1600-1882" (a foilsíodh sa bhliain 2004), agus teidil a d'fhéadfadh bheith oiriúnach chun corpas don 20ú haois a chruthú.

Is mór an áis "Corpas na Gaeilge 1600-1882" do scoláirí staire chomh maith le scoláirí Gaeilge mar ní amháin gur féidir a fháil amach uaidh cén uair a tháinig focail áirithe isteach sa teanga ach is féidir a fheiceáil chomh maith, ón chomhthéacs ina raibh na focail, an t-athrú a tháinig ar an chiall le himeacht ama.

Tá obair ar siúl faoi stiúir an Dr Úna Uí Bheirn chun an rud céanna a dhéanamh don 20ú haois. Tá idir fhicsean agus neamhfhicsean san áireamh le mórúdair agus mionúdair agus saothar as canúintí éagsúla agus as irisí agus nuachtáin.

Táthar ag súil go gcuirfidh baill an phobail leis an liosta don tréimhse 1882-2000 má fheictear dóibh foilseacháin bheith in easnamh a bheadh chun leasa an tionscnaimh.

Colm Cille

TÁ GLÓR na nGael ag reáchtáil comórtas náisiúnta, Duais Cholm Cille, leis an nasc idir lucht na Gaeilge in Éirinn agus lucht na Gàidhlig in Albain a fhorbairt. Tabharfaidh an t-eagras teanga gradam don ghrúpa deonach is fearr a láidríonn an caidreamh idir an dá phobal teanga. Tá Gael Linn ag iarrraidh go gcothóidh an caidreamh trasna Shruth na Maoile cumarsáid idir cainteoirí an dá theanga a bheadh le leas an dá thír.

  • Eolas: 046-9430974 nó fiosru@glornangael.ie

Blas na hEorpa

TÁ TIMIRÍ Chonradh na Gaeilge le cuairt a thabhairt ar choláistí samhraidh le daoine óga a chur ar an eolas faoina gcearta teanga in Éirinn agus san Eoraip mar chuid dá bhfeachtas feasachta, Glac Leis.

Cuirfidh cinnirí an Chonartha ceardlanna ar siúl le labhairt leis na scoláirí faoi stádas oifigiúil oibre na Gaeilge san Aontas Eorpach agus faoi na seirbhísí teanga atá ar fáil faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla.

áisaid - buntáisteadvantage - canúintdialect - cúlrabackground - deonachvoluntary - dóchasachhopeful - éifeachteffect - míbhuntáistedisadvantage - nasclink - réiteachsolution - suntasachnoticeable - tábhachtachimportant - taighderesearch - todhchaífuture - torthaíresults